Comóradh Idirnáisiúnta an Ghorta Mhóir
23ú BEALTAINE, 2010
The Irish Hunger Memorial,
Battery Park City,
Nua-Eabhrac
A chairde Gael, a chairde na hÉireann agus a chairde uilig, is mór an ónóir dom seasamh faoi scáth Leacht Cuimhneacháin na nGael anseo ag Battery City Park an tráthnóna brea Domhnaigh seo. . A Chathaoirleach Fhondúireacht Chuimhneachán an Ghorta Mhóir, James F. Gill, a Aire Carey agus a aíonna uaisle, a chairde dile, is speisialta an lúchair dom filleadh ar Nua-Eabhrac agus ar áit an chúraim bheannaithe do chuimhne an dá mhilliún fear, bean agus páiste Éireannacha a cailleadh trí ocras nó trí eisimirce éigeantach i rith dhrochbhlianta an Ghorta Mhóir.
Bhí sé de phribhléid agam a bheith i láthair anseo nuair a tiomnaíodh an leacht cuimhneacháin in Iúil 2002 agus ba léir ansin go mbeadh grá mór do agus go dtabharfar cuairt go minic ar an phíosa bheag seo de stair agus tírdhreach Mhaigh Eo agus go raibh cúis mhaith le díograis na daoine a chruthaigh é, díograis ar chuimneachán a dhéanamh ar fhulaingt na staire agus díograis ar aird a tharraingt orthu siúd atá ag fulaingt an ocrais sa lá atá inniu ann.
Bheadh cumha ar go leor dóibh siúd a tháinig anseo ó Éirinn na 19ú haoise, a bhí cráite ag an ghorta, i ndiaidh a dtíre dúchais, in ainneoin an cruatan a d’fhulaing siad. Dhéanfadh go leor acu rud ar bith le háitreabh Éireannach a fheiceáil anseo in Manhattan lena chlocha agus a phlandaí, a theachín beag simplí. Tá an t-ádh linn in Éirinn nach ndearna siadsan, ná a sliochtaigh, dearmad choíche ar a dtír dúchais, nár chaill siad a ngrá dá cultúr agus dá hoidhreacht agus gur fhan siad léi le linn chora casta na staire. Leis na dollair a chuir siad abhaile óna hioncaim fhíorbheaga, chuidigh siad maidhm an bhochtanais a chosc agus oideachas a thabhairt don chéad ghlúin eile. Chuidigh a spéis ghníomhach sa troid ar son na saoirse, agus níos déanaí san iarracht chun síochán a bhaint amach i dTuaisceart Éireann. Tá muid bródúil as ár dteaghlach domhanda Éireannach agus a dhlúthpháirtíocht ar fud na mílte agus síos fríd an iliomad glúine.
Tháinig athrú suntasach ar stair na hÉireann agus stair Mheiriceá mar gheall ar an Ghorta Mhór. Rinne na húdaráis neamhiontas agus dearmad go rialta ar na milliúin a bhí ag fulaingt. Fuair an t-iliomad bás agus iad ag creidbheáil nárbh fhiú iad sa tsaol seo. Is bealach é an leacht cuimhneacháin seo trínar féidir lenár nglúin féin a rá leo gur fiú a nguthanna agus a scéalta fós sa 21ú aois, agus go bhfuil siad ag tabhairt ár ndúshláin dúinn cuimnigh ar agus freagracht a ghlacadh as cúrsaí an lae inniu, in áit cuimhneachán a dhéanamh ar an am atá caite amháin. Le gach duine atá ag fulaingt leis an ocras i ndomhan an lae inniu, déantar masla agus scannal ar chuimhne ár sinsir agus achan uair a dhéanann muid iarracht fulaingt an lae inniu a mhaolú, tá an cuimhneachán seo á úsáid againn chun athrú agus dóchas a spreagadh.
In PS 197 in Brooklyn, chuaigh taispeántas díocasach na scoláiri i bhfeidhm go mór orm, ní hamháin mar gheall ar an fhís shimplí shoiléir a léirigh siad ar thragóid an ghorta ach fosta, rud a bhí chomh iontach céanna, an tuiscint atá acu ar an fhreagracht a chaithfidh gach duine againn a ghlacadh orainn féin as dúshláin dhomhanda an bhochtanais, an ocrais agus an athraithe aeráide.
Tá an Ard-Chonsalacht ag óstáil taispeántas Quinnipiac An Gorta Mór, lena bhfuiltear ag iarraidh ciall a dhéanamh d’aibhéis an éadóchais a bhféadfadh teacht aníos ó dhuibheagán na tragóide seo. Is fiú é a fheiceáil, ar an bhealach chéanna ar fiú machnamh a dhéanamh ar an mhaitheas iontach a bhféadfadh teacht óna leithéid de thragóid. Bhailigh Pobal Giúdach na cathrach seo méideanna suntasacha airgid in 1847 ar mhaithe le fóirithint ar ghorta in Éirinn. Ní raibh siad ag cuidiú le cairde nó le gaolta ach le strainséirí a mhothaigh siad go raibh daonnacht choiteann acu leo. Ba mhór an pléisiúr dom cuimhnigh ar agus buíochas a ghabháil as an fhlaithiúlacht sin an tseachtain seo ag imeacht cuimhneacháin ag sionagóg Shearith Israel. Agus cúpla bomaite ó shin ag oifigí an Mercy Corps, chuala mé buachaillí agus cailíní P.S. 158 ag canadh amhráin uaibhrigh, rud a léirigh an tuiscint atá acu ar caidé atá guthanna na ndaoine ocracha ag rá linn.
Cinntítear leis an leacht cuimhneacháin seo go bhfuil na guthanna sin le cloisteáil fiú i gcroílar na cathrach móire gnóthaí seo. Dóibh siúd a cailleadh sa ghorta in Éirinn tugann sé misean beo sa domhan an lae inniu agus gabhaim buíochas le Nua-Eabhrac as cuimhneachán a dhéanamh ar a bpian, as ómós grástúil a thabhairt dóibh agus as éileamh orainn taispeáint gurbh fhiú a saol agus a mbás trí réidh a fháil leis an fhulaingt uafásach inseachanta seo, ar fud an domhain.
Go raibh míle maith agaibh ar fad is go n-éirí go geal libh.