bhFaiche Stiabhna, Bail atha cliath 2020

National Famine Commemoration Ceremony
17 Bealtaine 2020
bhFaiche Stiabhna,
Baile atha cliath

Bhí Comóradh Náisiúnta an Ghorta Mhóir ar siúl ag dealbh Edward Delaney i bhFaiche Stiabhna Dé Domhnaigh an 17 Bealtaine. An tAire Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta, Josepha Madigan T.D. a bhí i gceannas ar an searmanas a cuireadh ar bun de réir na dtreoirlínte sláinte agus sábháilteachta reatha agus dá bhrí sin, ní raibh an pobal ábalta a bheith i láthair.

Mar b’amhlaidh sna blianta roimhe sin, bhí onóracha míleata agus leagan bláthfhleasca i gcuimhne an uile dhuine a d’fhulaing nó a shíothlaigh i rith an Ghorta Mhóir mar chuid den searmanas. Leag an tAire Madigan bláthfhleasc thar ceann mhuintir na hÉireann agus leag a Oiriceacht Jude Thaddeus Okolo, Déan an Chóir Taidhleoireachta bláthfhleasc thar ceann an Phobail Taidhleoireachta. Dúirt an tAthair Séamus Madigan, Príomhshéiplíneach Óglaigh na hÉireann paidreacha do na daoine a d’fhulaing le linn an Ghorta Mhóir. Bhí Ard-Mhéara Bhaile Átha Cliath, an Comhairleoir Tom Brabazon, an Ceann Foirne, an Leas-Aimiréal Mark Mellet, chomh maith le daoine as Teaghlach Delaney i láthair freisin.

Nocht an tAire Madigan Plaic chun an chéad chomóradh bliantúil ar an nGorta Mór a cheiliúradh a bhí ar siúl i dTeach an Chustaim sa bhliain 2008, agus cuirfear an phlaic in airde i dtailte Theach an Chustaim níos déanaí i mbliana. Chas Aimee Banks, soprán óg as Maigh Cuilinn, Gaillimh ‘Crucán na bPáiste’ Brendan Graham agus chas Píobaire de chuid an Airm an tAmhrán Náisiúnta. Rinneadh an searmanas a shruthú beo ar fud na tíre agus go hidirnáisiúnta ar RTÉ News Now, ar www.rte.ie agus ar RTÉ Player.

Ag labhairt ar an lá, dúirt an tAire Madigan:

“Sa dán sin dar teideal Quarantine le Eavan Boland, dúisíonn an file dúthracht an fhir dá bhean agus iad i ndeireadh na feide:

“She was sick with famine fever and could not keep up. He lifted her and put her on his back.”


Rinne laochra sin aimsir an Drochshaoil a bhfuil comóradh á dhéanamh againn orthu inniu gach dícheall freisin cuidiú leis an té a bhí ag titim ar gcúl. Feictear an meon daonna sin aire a thabhairt do dhaoine eile agus an claonadh féiníobartha arís inniu le díograis laochra na linne seo i mbun aire a thabhairt do dhaoine atá buailte ag Covid-19. Léirímid meas agus ómós do laochra seo an lae inniu agus is mór againn a gcuid crógachta. B’fhéidir gurb é an bealach is fearr ina léireoimis an meas atá againn ar laochra aimsir an Ghorta Mhóir agus ar laochra an lae inniu cloí leis na bearta beaga laochais atá á n-éileamh orainn féin i ndáil le paindéim Covid-19 ionas go dtiocfaimid slán ón ngábh seo mar a rinne ár sinsir romhainn.