Comóradh Náisiúnta an Ghorta Mhóir
Is deis í Comóradh Náisiúnta an Ghorta Mhóir don Stát agus do phobail ar fud na hÉireann urraim a dhéanamh do chuimhne iad siúd a d’fhulaing an bás nó an eisimirce mar gheall ar an imeacht ollmhór seo inár stair.
Ó cuireadh tús leis in 2008, reáchtáladh Comóradh Náisiúnta an Ghorta Mhóir i ngach cúige ar bhonn uainíochta ar dheireadh seachtaine an tríú Domhnaigh i mí na Bealtaine. Ó cuireadh tús leis in 2008, reáchtáladh Comóradh Náisiúnta an Ghorta Mhóir i ngach cúige ar bhonn uainíochta ar dheireadh seachtaine an tríú Domhnaigh i mí na Bealtaine.
Déantar cinneadh faoi shocruithe reáchtáil an Chomóraidh Stáit seo gach bliain i ndiaidh dul i gcomhairle leis an údarás áitiúil agus an pobal óstála ábhartha. Mar pháirt den chomóradh, atá ar oscailt don phobal, tá onóracha míleata, searmanas bláthfhleisce, agus clár áitiúil imeachtaí cultúrtha roimh an imeacht a dhéanann machnamh ar mhórthéamaí an Ghorta le béim ar leith ar thionchar an Ghorta Mhóir ar an tírdhreach agus an mhuintir áitiúil. Chomh maith leis an fhreastal phoiblí, bíonn aíonna, taidhleoirí agus daoine mór le rá i láthair ag an imeacht.
Tharla an chéad Chomóradh Náisiúnta ag an chéad chruinniú den Choiste Chomóradh an Ghorta Mhóir i dTeach an Chustaim, Baile Átha Cliath in 2008. In 2009, reáchtáladh an chéad chomóradh a raibh ionchur áitiúil agus searmanas foirmeálta Stáit mar pháirt dó sa Sciobairín, Corcaigh. Liostáiltear suíomhanna agus sonraí gach Comóradh Náisiúnta an Ghorta Mhóir thíos.
Comóradh Idirnáisiúnta an Ghorta Mhóir
Reáchtáiltear Comóradh Idirnáisiúnta an Ghorta Mhóir i suíomh difriúil gach bliain, chun an deis a chur ar fáil do phobail an diaspora chun cuimhne agus machnamh a dhéanamh ar thionchar an ghorta agus an eisimirce a tháinig ina dhiaidh. Déanann sé ceiliúradh fosta ar éachtaí iad siúd a theith ó Éirinn agus a shocraigh agus a chur pobail bhríomhara ar bun ar fud an domhain. Liostáiltear thíos suíomhanna agus sonraí gach comóradh idirnáisiúnta a tharla roimhe seo.
Bliain |
Náisiúnta |
Idirnáisiúnta |
---|---|---|
2024 |
Meathas Troim |
|
2023 |
Baile na nGallóglach |
Sydney, An Astráil |
2022 |
Páirc Bhéal na mBuillí |
|
2021 |
Glas Naíon |
|
2020 |
Faiche Stiabhna |
|
2019 |
Sligeach |
Arizona, Stáit Aontaithe Mheiriceá |
2018 |
Coláiste na hOllscoile Corcaigh |
Melbourne, An Astráil |
2017 |
Baile an Gharraí |
Toronto, Ceanada |
2016 |
Glas Naíon |
Philadelphia, Stáit Aontaithe Mheiriceá |
2015 |
Iúr Chinn Trá |
New Brunswick, Ceanada |
2014 |
Páirc Bhéal na mBuillí |
New Orleans, Stáit Aontaithe Mheiriceá |
2013 |
Cill Rois |
Sydney, An Astráil |
2012 |
Droichead Átha |
Bostún, Stáit Aontaithe Mheiriceá |
2011 |
Cluain Eois |
Learpholl |
2010 |
Muraisc |
Nua-Eabhrac, Stáit Aontaithe Mheiriceá |
2009 |
An Sciobairín |
|
2008 |
Teach an Chustaim |