New Orleans 2014

Reáchtáladh Comóradh Idirnáisiúnta an Ghorta Mhóir 2014 in New Orleans ar an 9 Samhain.

Chuimhnigh an tAire Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta, Heather Humphreys TD, ar na hÉireannaigh a fuair bás ag tógáil New Basin Canal in New Orleans sa naoú haois déag freisin.

Thiomnaigh an tAire páirc nua dóibh darb ainm ‘Hibernian Memorial Park’. Roimh an tiomnú, leag an tAire Humphreys bláthfhleasc freisin ag Cuimhneachán Hairicín Katrina i gcuimhne orthu siúd a fuair bás le linn an Hairicín a bhuail New Orleans go dona in 2005.

Ag labhairt ag an am, dúirt an tAire Humphreys:
“Táim ag tnúth le Hibernian Memorial Park a oscailt go hoifigiúil, a thugann ómós do na hoibrithe Éireannacha sin a fuair bás agus iad ag tógáil New Basin Canal.

“Tá a fhios againn gur oibrigh go leor lonnaitheoirí Éireannacha ar an tionscadal seo a thóg sé bliana le críochnú. Fuair go leor acu bás agus iad ag tógáil na canála. Bhí an obair láimhe ar an gcanáil deacair agus dainséarach.

“Bhí baol agus galair le sárú ag na himircigh a d’oibrigh uirthi ar bhonn laethúil. Ba mhinic a raibh na coinníollacha ar an láthair fealltach agus bhí galair ar nós calair forleathan. Maraíodh go leor oibrithe de bharr timpiste nó galair, ag iarraidh todhchaí a sholáthar dá dteaghlaigh.

“Mar sin féin, níor chuir eispéiris na bhfear seo bac ar Éireannaigh eile an turas trasna an Atlantaigh a dhéanamh. Ó chruachás oibrithe New Basin Canal, go himircigh a bhí ag teitheadh ó ghorta agus ó ghalair, tá a fhios againn go raibh imircigh Éireannacha ó gach cúlra diongbháilte ní hamháin maireachtáil ach go n-éireodh leo.

“Is mór an chreidiúint dóibh gur fhág na glúnta níos déanaí den Diaspóra Éireannach a rian ar fud Mheiriceá agus áiteanna eile agus gur shroich siad an barr i ngach earnáil de na tíortha nua inar shocraigh siad agus go deimhin leanann siad ar aghaidh ag déanamh amhlaidh.

“Tá a fhios againn gur chruthaigh go leor de na daoine seo saolta rathúla sa ghnó, sa pholaitíocht, sa spórt agus sna healaíona ar fud na cruinne.

“Anseo in New Orleans, bhí pobal na hÉireann an-dlúth le chéile agus thacaigh siad lena dteaghlaigh agus lena chéile agus feicim go leanann sé seo ar aghaidh inniu. Tugann an Pháirc iontach seo – agus an Cros Ceilteach a tógadh 24 bliain ó shin san áit a raibh New Basin Canal ag sreabhadh tráth – ómós tochtmhar do na hoibrithe cróga sin a fuair bás agus iad ag tógáil na canála. Go deimhin tugann sé ómós dár sinsir Éireannacha ar fad a chuir go mór le creatlach eacnamaíoch agus sóisialta na cathrach bríomhaire seo.

“Is é seo m’imeacht deireanach i gComóradh Idirnáisiúnta an Ghorta Mhóir 2014 – an chéad chomóradh agam mar Aire – agus shocraigh pobal na hÉireann in New Orleans caighdeán an-ard do na blianta atá le teacht agus do chathracha óstacha amach anseo.

“Is léiriú ar acmhainneacht agus ar bhua na cathrach seo, agus a pobal Éireannach go háirithe, an bealach a tháinig an pobal seo le chéile chun imeachtaí a reáchtáil ina gcuimhnítear ar íospartaigh an Ghorta Mhóir agus ina ndéantar ceiliúradh ar éachtaí ár n-imirceach.”