Phoenix, Arizona 2019

Comóradh Idirnáisiúnta
3ú Samhain 2019
Phoenix,
Arizona

 

Tharla Comóradh Idirnáisiúnta an Ghorta Mhóir 2019 in Phoenix, Arizona ar Dé Domhnaigh, 3ú Samhain.

Agus na socruithe le haghaidh an Chomórtha Idirnáisiúnta á ndeimhniú aici, dúirt Josepha Madigan T.D., an tAire Cultúir, Oidhreachta agus na Gaeltachta agus Cathaoirleach Choiste Chomóradh Náisiúnta an Ghorta Mhóir:

‘Mar Chathaoirleach Choiste Chomóradh Náisiúnta an Ghorta Mhóir, tá mé ag súil go mór le reáchtáil Chomóradh Idirnáisiúnta an Ghorta Mhóir in Phoenix, Arizona. Is é seo an cúigiú uair a reáchtálfar an comóradh sna Stáit Aontaithe agus is é Phoenix an t-ionad is faide siar go dtí seo. Roimhe seo, reáchtáladh Comóradh Idirnáisiúnta an Ghorta Mhóir i Nua-Eabhrac, Bostún, New Orleans agus Philadelphia.

Is cúis áthais ar leith dom go bhfuil an Comóradh á reáchtáil in Phoenix i mbliana toisc gur é 2019 an comóradh 20 bliain ó tiomnaíodh Leacht Cuimhneacháin an Ghorta Mhóir ag an Irish Cultural Center.

Is deis í comóradh na bliana seo, ní amháin chun aitheantas a thabhairt d’obair an Irish Cultural Center and McClelland Library in Phoenix é féin ach onóir a thabhairt dóibh siúd a d’fhág Éire le linn an Ghorta é féin, na blianta eisimirce ina dhiaidh sin inar chuir go leor Éireannaigh an Ghorta agus a sliochtaigh go mór le hIarthar na Stát Aontaithe, agus an ról leanúnach atá ag diaspóra na hÉireann agus Gael-Mheiriceánaigh in Arizona agus ar fud Iarthar na Stát Aontaithe.”

Ba é seo an cúigiú uair a réachtáladh an Comóradh Idirnáisiúnta sna Stáit Aontaithe. Faoi 2019, bhí deich gcomóradh idirnáisiúnta ar an Ghorta Mhór go dtí seo. Ó reáchtáladh an chéad chomóradh idirnáisiúnta in Toronto agus Québec in 2009, reáchtáladh imeachtaí san Astráil, i gCeanada agus sa Ríocht Aontaithe chomh maith.