St. Luke’s Church, Learpholl 2011

Comóradh Idirnáisiúnta an Ghorta Mhóir
16th October 2011
St. Luke’s Church, Leece Street, Learpholl
 

Labhair Jimmy Deenihan T.D., An tAire Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta agus Cathaoirleach Coiste Cuimhneacháin Náisiúnta an Ghorta Mhóir, i ndil cuimhne mhuintir na tíre a raibh mórthionchar ag an nGorta Mór orthu agus a thaistil chuig Learpholl sna 1800í chun iarracht éalú ón ngorta in Éirinn.

D’fhreastail an tAire ar shearmanas chun comóradh a dhéanamh ar íospartaigh an ghorta ag Leac Chuimhneacháin an Ghorta Mhóir i dtailte St. Luke’s Church, Leece Street, Learpholl a chuir an tUachtarán Máire Mhic Giolla Íosa i láthair go poiblí sa bhliain 1998. D’fhreastail a lán de Dhiaspóra na hÉireann atá ina gcónaí i Learpholl ar an searmanas.