Comóradh Náisiúnta an Ghorta Mhóir 2009

Comóradh Náisiúnta an Ghorta Mhóir 2009

17 Bealtaine 2009 Ag leanúint ar aghaidh ó na himeachtaí comórtha i gCeanada, rinne Éamon Ó Cuív, T.D., an tAire Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta ionadaíocht thar ceann an Rialtais ar Lá Cuimhneacháin Náisiúnta an Ghorta Mhóir, an 17 Bealtaine 2009, sa Sciobairín, Co Chorcaí, ag searmanas sollúnta chun comóradh a dhéanamh orthu siúd go léir a d’fhulaing le linn an Ghorta; a fuair bás, nó a chaill muintir, teach nó tír.

Cuireadh tús leis an imeacht sa Sciobairín, Co. Chorcaí le searmanas i bPáirc Uí Dhonnabháin Rossa, le príomhimeacht searmanais fhoirmiúil, bratach an Stáit agus searmanas leagan bláthfhleisce ag deireadh an imeachta, i Reilig Mhainistir na Sruthrach, áit ar cuireadh idir 8,000 agus 10,000 íospartach de chuid an Ghorta Mhóir in olluaigh.

Éamon Ó Cuív, T.D., Minister for Community, Rural and Gaeltacht Affairs at the 2009 National Famine Commemoration