De Domhnaigh 13th Bealtine, 2012
D’oscail An Taoiseach Enda Kenny TD agus Jimmy Deenihan T.D., an tAire Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta agus Cathaoirleach Choiste Cuimhneacháin Náisiúnta an Ghorta Mhóir, an ócáid i nDroichead Átha ar Lá Cuimhneacháin Náisiúnta an Ghorta Mhóir 2012.
Agus é ag trácht ar an tionchar buan a bhí ag an ngorta mór ar shochaí na hÉireann, dúirt An Taoiseach Enda Kenny T.D.: “An chuimhne sin a tháinig chugainn ó ghlúin go glúin, spreagann sin gach gníomhaireacht a chuireann cúnamh ar fáil, ní hé amháin bia a thabhairt chuig an gcuid sin den domhan atá i mbéal forbartha ach dóchas, féin-tuilleamaíocht, comhbhá agus dínit freisin. Ar na mórthosaíochtaí atá ag Cúnamh Éireann tá tacú leis na hiarrachtaí ar fud an domhain chun ocras a laghdú. Chomh maith le dul i ngleic le riachtanais láithreacha na ndaoine a mbíonn tionchar ag tubaistí nádúrtha nó tubaistí cúisithe ag daoine orthu, tá Éire ag dul i ngleic freisin le bunchúiseanna an ocrais agus tá an tír ag tús cadhnaíochta ina stocaire domhanda sa chomhrac i gcoinne an ocrais. Is gné thábhachtach í seo de Chuimhneachán Náisiúnta an Ghorta Mhóir.”
Le linn bhlianta an Ghorta Mhóir bhí Droichead Átha ar an dara calafort is mó as ar imigh breis is milliún duine a raibh iallach orthu dul ar eisimirce. Thaistil roinnt go dtí an Bhreatain agus daoine eile ar aghaidh – ‘lucht an dá bhád’ – ón mBreatain chuig Meiriceá Thuaidh.
Ghabh an tAire Deenihan buíochas le muintir Dhroichead Átha as an bpáirt a bhí acu cuimhneachán a bheith ann dóibhsean ar imigh an gorta i bhfeidhm go mór ar a saol: “Bliain ar leith í 2012 do mhuintir Dhroichead Átha sa mhéid go bhfuil Droichead Átha ag comóradh 600 bliain ó aontaíodh na bailte cúplacha ó thuaidh agus ó dheas ón mBóinn. Cúis mhór áthais dom é mar sin go bhfuil Cuimhneachán Náisiúnta an Ghorta Mhóir ag tarlú anseo sa mhéid gur léir go bhfuil meas mór ag muintir Dhroichead Átha ar a stair. Ar cheann de na príomhchúiseanna ar beartaíodh Cuimhneachán Náisiúnta an Ghorta Mhóir a reáchtáil anseo i mbliana tá ról Dhroichead Átha mar chalafort tábhachtach i rith an Ghorta “.