Cuimhneachán Idirnáisiúnta an Ghorta Mhóir 2015

Cuimhneachán Idirnáisiúnta an Ghorta Mhóir 2015

Agus í ag labhairt ag Cuimhneachán Idirnáisiúnta an Ghorta Mhóir in Saint John, New Brunswick ar Dé hAoine 23ú Deireadh Fómhair 2015, thug Heather Humphreys T.D., an tAire Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta agus Cathaoirleach Choiste Cuimhneacháin Náisiúnta an Ghorta Mhóir aitheantas don fháilte a chuir muintir Cheanada sa 19ú hAois rompu siúd a d’aimsigh tearmann ann agus iad ag éalú ó Éirinn i rith an Ghorta Mhóir agus na blianta uafásacha a tháinig ina dhiaidh.

NewBrunswichIFC

Dúirt an tAire Humphreys: “Tá muid anseo inniu chun comóradh a dhéanamh ar íospartaigh an Ghorta Mhóir; tréimhse thubaisteach i Stair na hÉireann, tráth a d’fhulaing daoine ocras agus anró doshamhlaithe. Agus na mílte ag teitheadh ó Éirinn le teann éadóchais, ag fágáil a dteaghlach, a mbailte agus a dtíre chun taisteal go tíortha i bhfad i gcéin chun saol níos fearr a aimsiú, rinne pobail Éireannacha bonn áit ar bith ina raibh tearmann ar fáil, mar a rinne siad anseo in New Brunswick agus áiteanna eile i gCeanada. Ní dhéanfaidh muintir na hÉireann dearmad go deo ar an fháilte fhláithiúil a thug muintir Cheanada do na sluaite croíbhriste a tháinig i dtír anseo.”

Mar fhocal scoir, dúirt an tAire Humphreys: “Is príomhaidhm Chuimhneachán an lae inniu, agus de Choiste Cuimhneacháin Náisiúnta an Ghorta Mhóir ar a bhfuil mé i mo chathaoirleach, ná feasacht a chothú faoi cheisteanna a bhaineann le gorta ar fud an domhain sa lá atá inniu ann. Mar chuid d’oidhreacht an ghorta in Éirinn tá an comhbhá domhain atá ag Éireannaigh dóibh siúd atá buailte leis an ocras faoi láthair agus an tiomantas a eascraíonn as sin do chabhair agus faoiseamh daonnúil. Tá feidhm thábhachtach á comhlíonadh ag Cuimhneachán Idirnáisiúnta an Ghorta Mhóir trí phlé a spreagadh ag an leibhéal náisiúnta agus idirnáisiúnta ar chabhair agus cúnamh éigeandála dóibh siúd atá ar an ghannchuid inniu.”

Le linn a cuairte ceithre lá ar Cheanada, casfaidh an tAire Humphreys le ceannairí polaitiúla agus gnó chomh maith le heagraíochtaí pobail Éireannacha áitiúla agus lucht léinn ar fud New Brunswick agus Novia Scotia. Rachaidh an tAire go Halifax, Saint John, Moncton, Miramichi agus Oileán Prince Edward. Agus í ag labhairt sular fhág sí, thug an tAire Humphreys faoi deara: “Is deis é Cuimhneachán Idirnáisiúnta an Ghorta Mhóir, ní hamháin chun tragóid an Ghorta Mhóir a thabhairt chun cuimhne, ach chun aitheantas a thabhairt don cheangal dhiongbháilte atá ann idir muintir na hÉireann agus ár nDiaspóra, sliochtaigh iad siúd a d’fhág Éire chun saol nua a chruthú dóibh féin anseo i gCeanada agus in áiteanna eile, agus chun ceiliúradh a dhéanamh ar an mhéid atá curtha ag na daoine seo lena dtíortha nua.”

Chomh maith le plaic chuimhneacháin a nochtadh ag Leac Cuimhneacháin an Ghorta Mhóir i gCearnóg Phádraig, Saint John, d’fhreastal an tAire Humphreys ar imeachtaí cuimhneacháin in Miramichi agus Moncton in New Brunswick agus Charlottetown ar Oileán Phrionsa Éadbhard.