10 Meán Fómhair 2011
D’oscail an tUachtarán, Máire Mhic Giolla Íosa agus a fear céile, Seanadóir Martin Mac Giolla Íosa agus Jimmy Deenihan T.D., An tAire Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta agus Cathaoirleach Coiste Cuimhneacháin Náisiúnta an Ghorta Mhóir imeacht Lá Cuimhneacháin Náisiúnta an Ghorta Mhóir i gCluain Eois, Contae Mhuineacháin.
Sa chuimhneachán seo bhí clár ina raibh pobail i gContae Mhuineacháin páirteach agus ina dhiaidh sin reáchtáladh an t-imeacht foirmiúil Stáit, mar a raibh gradaim mhíleata agus searmanais fleascleagain.
Thacaigh pobail áitiúla Chluain Eois agus Mhuineacháin go mór leis an gcuimhneachán, agus is léiriú seo ar an mórmheas atá ag daoine orthusan a fuair bás, a d’fhulaing nó a d’imigh ar eisimirce le linn na tréimhse tragóidí seo dár stair. Bunaíodh coiste áitiúil eagrúcháin agus d’ullmhaigh siad clár imeachtaí, a reáchtáladh sa tréimhse díreach roimh Chuimhneachán Náisiúnta an Ghorta Mhóir ar an 10 Meán Fómhair 2011.
13 Deireadh Fómhair 2011
Reáchtáladh comhdháil phoiblí dar teideal “From the Famine to Post Modern Hunger in the 21st Century”, i Leabharlann Náisiúnta na hÉireann.
Leanann an chomhdháil seo ó Chuimhneachán Náisiúnta 2011 an Ghorta Mhóir a reáchtáladh i gCluain Eois, chun a chinntiú nach ndéanfaí dearmad orthusan a raibh mórthionchar ag an nGorta Mór orthu. D’oscail an tUachtarán Máire Mhic Giolla Íosa an ócáid go hoifigiúil. Tharla an chomhdháil chun ceiliúradh a dhéanamh freisin ar Lá Domhanda an Bhia ar an Domhnach 16 Deireadh Fómhair 2011, agus mar fhóram chun plé oscailte, cuspóireach a spreagadh i measc lucht acadúil, cleachtóirí forbraíochta agus Eagraíochtaí Neamhrialtais maidir le cén chaoi is fearr comhrac i gcoinne an ocrais sa 21ú haois i dtíortha ina bhfuil ioncam íseal agus easnamh bia.
Chun amharc ar an gCuireadh chuig Seimineár sa Leabharlann Náisiúnta, cliceáil anseo
Óráidí:
- Remarks by the Minister for Arts, Heritage and the Gaeltacht at the National Famine Commemoration, Clones, Co. Monaghan
- Opening address by Jimmy Deenihan T.D., Minister for Arts, Heritage and Gaeltacht at the public lecture “From the Famine to Post Modern Hunger in the 21st Century”, National Library of Ireland
- THE IMPACT OF THE GREAT FAMINE of 1845‐51 with special reference to ULSTER By Éamon Phoenix*
Preaseisiúintí:
- Cuimhneachán Náisiúnta an Ghorta Mhóir 2011 le Reáchtáil i gCluain Eois, Contae Mhuineacháin
- An tUachtarán Mhic Ghiolla Íosa Chun Feidhmiú Ag Comóradh Náisiúnta An Ghort Mhóir 2011
- Iarrann an tAire Ó Duibhneacháin ar gach eagraíocht spóirt nóiméad ciúnais a bheith acu ar an Satharn, 10 Meán Fómhair 2011, i gcuimhne orthu siúd ar fad a d’éag agus a d’fhulaing le linn an Ghorta Mhóir
- Minister Deenihan praises local events in the run up to the National Famine Commemoration 2011
- Molann an tAire Deenihan do Bhunscoileanna agus Meánscoileanna Nóiméad Ciúnais a Choimeád i gcuimhne ar na daoine úd a d’fhulaing le linn an Ghorta Mhóir
- Minister Deenihan congratulates the local community in Clones on the success of the National Famine Commemoration 2011
- “Ceachtanna le foghlaim ó Ghorta san am atá caite chun cuidiú linn dul i ngleic le hocras domhanda sa lá atá inniu ann”