Cosaint Sonraí

Cosaint Sonraí
Déanfar na sonraí pearsanta go léir a phróiseálann an Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán de réir an dlí um chosaint sonraí agus ní dhéanfar iad ach amháin chun críocha a bhaineann le feidhmeanna na Roinne seo.
Tá an Roinn tiomanta go hiomlán do na sonraí pearsanta go léir a chuireann a custaiméirí isteach a choinneáil, go hiomlán sábháilte agus slán le linn próisis riaracháin. Tá gach beart teicniúil riachtanach curtha i bhfeidhm chun sábháilteacht agus slándáil na gcóras ina gcoimeádtar na sonraí seo a áirithiú.
Déanfar faisnéis faoi chosaint sonraí a nuashonrú ar an leathanach seo ó am go chéile.

Reachtaíocht
Urramaíonn an Roinn go hiomlán do cheart chun príobháideachais. Caithfear le haon fhaisnéis phearsanta a sholáthraíonn tú don Roinn leis na caighdeáin is airde slándála agus rúndachta, i gcomhréir dhian leis na hAchtanna um Chosaint Sonraí 1988-2018. Is rialachán é an Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí (RGCS) (AE) 2016/679 maidir le cosaint sonraí agus príobháideachas laistigh den Aontas Eorpach. Tháinig sé i bhfeidhm ar fud an Aontais Eorpaigh ar an 25 Bealtaine 2018. Tagann sé in ionad an treoir um chosaint sonraí a bhí i bhfeidhm ó 1995 i leith, agus tá sé mar bhonn lenár ndlíthe Éireannacha um Chosaint Sonraí (na hAchtanna um Chosaint Sonraí 1988-2018).

Cé hé/hí an Rialaitheoir Sonraí?
Is í an Roinn í féin an Rialaitheoir Sonraí maidir le bailiú agus próiseáil gach sonra pearsanta sa Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán.

Conas ar féidir liom teagmháil a dhéanamh leis an Oifigeach Cosanta Sonraí?
Is féidir teagmháil a dhéanamh leis an Oifigeach Cosanta Sonraí mar seo a leanas:
Data Protection Officer
An Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán
23 Sráid Chill Dara
D2 TD30

Ríomhphost: [email protected]

Beartas Cosanta Sonraí
Is féidir an Beartas Cosanta Sonraí a aimsiú ag an nasc a leanas:
https://www.gov.ie/ga/eolas-eagraiochtai/6646b-cosaint-sonrai/?

Cén cearta atá agam faoin reachtaíocht Chosanta Sonraí?
Nuair a thugann tusa, mar chustaiméir, sonraí pearsanta don Roinn, tá cearta áirithe agat maidir leis na sonraí sin. Mar sin féin, ba cheart tabhairt faoi deara nach bhfuil feidhm ag gach ceart sa liosta i ngach cúinse. Leagtar na cearta seo amach thíos agus is féidir iad a chur i bhfeidhm trí theagmháil a dhéanamh leis an Oifigeach Cosanta Sonraí, mar a shonraítear thuas, agus an ceart/na cearta ar mhian leat a chur i bhfeidhm á léiriú agat:
• Rochtain ar do shonraí pearsanta – le haghaidh eolas faoin cheart ar rochtain, lena n-áirítear conas Iarratas Duine ar a S(h)onraí a chur isteach, féach an nasc a leanas: https://www.dataprotection.ie/ga/dpc-guidance/iarratai-rochtana-o-abhair-sonrai-ceisteanna-coitianta
• do shonraí pearsanta a cheartú
• Inaistritheacht sonraí
• srian le próiseáil do shonraí pearsanta
• agóid i gcoinne phróiseáil do shonraí pearsanta
• toiliú a tharraingt siar má tugadh cheana féin do phróiseáil do shonraí pearsanta
• do shonraí pearsanta a scriosadh
• an ceart chun gearán a dhéanamh leis an Údarás Maoirseachta (An Coimisiún um Chosaint Sonraí, 21 Cearnóg Mhic Liam Theas, Baile Átha Cliath 2, D02 RD28 – https://www.dataprotection.ie/ga/)

An bhfuil srianta ar bith ann?
Is féidir – Forálann Alt 61(1) do shrianta ar fheidhmiú chearta na ndaoine is ábhar do na sonraí nuair is chun críocha cartlannaithe a dhéantar an phróiseáil ar mhaithe le leas an phobail. Cearta duine is ábhar do na sonraí atá leagtha amach in Airteagal 15 (ceart rochtana), 16 (ceart chun ceartúcháin), 18 (ceart chun srianta ar phróiseáil), 19 (ceart chun fógra a fháil faoi cheartú, scriosadh nó srianadh ar phróiseáil sonraí pearsanta), 20 (an ceart chun iniomparthacht sonraí), agus 21 (ceart chun agóide) den GDPR teoranta a mhéid a gur dócha go mbeadh sé dodhéanta, nó go ndéanfadh sé dochar mór, do bhaint amach na gcríoch sin as feidhmiú aon cheann de na cearta sin, agus tá gá le srian den sórt sin chun na críocha sin a chomhlíonadh.
I gcás ina bhfuil próiseáil ar siúl ag an am céanna chun aon chríche eile, seachas críocha cartlannaithe ar mhaithe le leas an phobail, ní bheidh feidhm ag na srianta sin ach amháin maidir le próiseáil chun críocha cartlannaithe ar mhaithe le leas an phobail.

Cad iad na cásanna ina roinnfear mo shonraí pearsanta?
I gcónaí, ní roinnfear do shonraí pearsanta ach amháin sa chás go bhfuil bunús dlí bailí chun é sin a dhéanamh agus de réir na reachtaíochta cuí um Chosaint Sonraí.

Ceisteanna Parlaiminte agus Uiríll ó Ionadaithe Poiblí
Agus iarratais ar Cheisteanna Parlaiminte á bhfreagairt, baintear an fhaisnéis phearsanta ar fad as an bhfreagra a bheidh mar thaifead poiblí níos déanaí.
Ní choinneofar faisnéis a phróiseálfar chun na críche seo ach chomh fada agus a bhíonn gá le gnó a dhéanamh agus ina dhiaidh sin marcálfar í lena scriosadh agus scriosfar í de réir treoirlínte inmheánacha nó treoirlínte maidir le scrios a fuarthas ó Chartlann Náisiúnta na hÉireann nó a bhaineann leo. ceadanna faighte uathu.

Sonraí pearsanta gan ainm nó bréige a ainm
Nuair is féidir, féadfaidh an Roinn sonraí pearsanta a ainm nó ainm bhréige (masc) a dhéanamh ionas nach mbeidh na sonraí pearsanta ar fáil ach dóibh siúd a bhfuil riachtanas gnó soiléir acu lena fheiceáil.

Eolas Teicniúil ar shonraí a bhailítear
Tá eolas teicniúil faoi na cuacha a úsáidtear ar shuíomh ár Roinne ar fáil anseo.

Taifead ar Ghníomhaíochtaí Próiseála (ROPA)
Tháinig na Rialacháin Ghinearálta um Chosaint Sonraí (GDPR) i bhfeidhm i mí na Bealtaine 2018, inar chuimsigh Airteagal 30 ceanglas ar gach comhlacht poiblí Taifead Gníomhaíochtaí Próiseála, nó ROPA, a sholáthar.
Is liosta cuimsitheach agus neamh-uileghabhálach é an doiciméad seo de na próisis a dhéanann rannóga laistigh den roinn a úsáideann sonraí pearsanta; ó nádúr is i bhfoirm doiciméid bheo atá sé, a nuashonrófar go rialta le hathruithe agus leasuithe. Má tá aon cheist agat maidir le próisis ar leith a úsáideann sonraí pearsanta nach bhfuil clúdaithe ag an doiciméad seo, déan teagmháil leis an Oifigeach Cosanta Sonraí, mar atá sonraithe thuas, le do thoil.