Reilig Ghlas Naíon, Baile Átha Cliath 2021

Bhí an tUachtarán Ó hUiginn, mar aon leis an Aire Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán, Catherine Martin TD, i bhfeighil ag Searmanas Comórtha an Ghorta Mhóir i Reilig Ghlas Naíon i mBaile Átha Cliath ar Dé Domhnaigh.

I dteannta spreagaitheasc an Uachtaráin Uí Uiginn, bhí onóracha míleata agus searmanas chun bláthfhleasc a chur sa tsearmanas fhoirmiúil Stáit i ndílchuimhne orthu siúd a d’fhulaing nó a fuair bás le linn an Ghorta. Labhair an tAire Martin ag an imeacht chomh maith.

Chuir an tUachtarán Ó hUiginn bláthfhleasc ar son mhuintir na hÉireann, chuir Déan an Chóir Taidhleoireachta bláthfhleasc ar son an Phobail Taidhleoireachta agus chuir Ardmhéara Bhaile Átha Cliath, Hazel Chu, agus Cathaoirleach Iontaobhas Reiligí Bhaile Átha Cliath, David Bunworth bláthfhleasc chomh maith.

Tugadh faoi deara, chomh maith, gurbh í seo an dara huair a reáchtáladh an comóradh i Reilig Ghlas Naíon. Bhásaigh bunaitheoir na reilige, Dónall Ó Conaill, in Genoa ar an 15 Bealtaine 1847. David Kennedy Ochón an Gorta Mór le Brendan Graham agus sheinn píobaire de chuid an Airm an tAmhrán Náisiúnta.

Rinne an tUachtarán Ó hUiginn bunphrionsabal dá Uachtaránacht é comóradh eiticiúil a dhéanamh ar phríomh-imeachtaí inár stair, ar nós an Ghorta Mhóir, agus labhair sé faoin Ghorta mar shaintréimhse i stair na hÉireann, a mhúnlaigh ní hamháin ár stair ach an caidreamh atá againn leis an talamh, leis an imirce agus leis an pholaitíocht. Rinne an tUachtarán nasc idir taithí léanmhar na hÉireann i rith an Ghorta agus ár dtroid chomhaimseartha i gcoinne an ocrais, na bochtaineachta agus imirce éigeantaigh.

Ag labhairt an lá sin, dúirt an tAire Martin:

“Ba é tréimhse an Ghorta Mhóir an tréimhse is dorcha inár stair. Mar a léiríodh go paiteanta sa tsraith faisneise ‘The Hunger’ a chraol RTÉ i mí na Nollag, áfach, léirigh muintir na hÉireann misneach agus neart as cuimse chun teacht tríd an tubaiste sin chun náisiún nua-aimseartha a chruthú, le naisc le diaspóra rathúil ar fud na cruinne.

“Tugann an searmanas seans dúinn inniu ní hamháin comóradh a dhéanamh ar agus onóir a thabhairt d’fhulaingt agus do theacht aniar íospartaigh bhlianta an Ghorta ach tugann sé deis dúinn machnamh a dhéanamh ar theacht aniar mhuintir na hÉireann inniu. Tá Éire ag teacht amach go cúramach ach go dóchasach ó phaindéim COVID-19. Táimid ag bogadh ón dorchadas amach go dtí an solas, a bhuí le dúthracht mhuintir na hÉireann, agus ní dhéanfar dearmad ar an misneach a léirigh siad le linn na tréimhse seo ach an oiread.

Is áit chuí í Reilig Ghlas Naíon, ceann de na Reiligí is mó de chuid an Ghorta sa tír, chun bailiú le chéile agus ómós a thabhairt d’íospartaigh an Ghorta, go háirithe an deireadh seachtaine seo, agus Iontaobhas Reiligí Bhaile Átha Cliath ag déanamh comóraidh ar chothrom an lae a bhásaigh a bhunaitheoir, Dónall Ó Conaill, a fuair bás in Genoa ar an 15 Bealtaine 1847.”