Muraisc, Cruach Phádraig, 2010

Reáchtáladh Cuimhneachán Náisiúnta 2010 an Ghorta Mhóir ar an Domhnach 16 Bealtaine, i sráidbhaile Mhuraisce, ag bun Chruach Phádraig.

Eagraíodh clár de léachtaí agus imeachtaí don tseachtain díreach roimh an ócáid. Leagadh béim sa chlár imeachtaí ar ghnéithe stairiúla an Ghorta Mhóir in Éirinn, trí Ealaín, Seandálaíocht, Stair, Litríocht, Amhráin agus Ceol, agus leagadh béim ar réaltacht an ghorta atá i réim ar fud an domhain sa lá atá inniu ann.