Ceol
‘Skibbereen’ – Amhrán tíre Éireannach
Ceaptar gur scríobh eisimirceach Éireannach an bailéad uaigneach seo i Meiriceá go déanach sna 1860dí ar dtús, agus tá sé ar cheann de na hamhráin is cáiliúla faoin Ghorta Mhór. Ceaptar gur scríobh eisimirceach Éireannach an bailéad uaigneach seo i Meiriceá go déanach sna 1860dí ar dtús, agus tá sé ar cheann de na hamhráin is cáiliúla faoin Ghorta Mhór. Tá cáil ar “Skibbereen” go fóill agus tá taifead déanta air ag go leor ealaíontóirí le himeacht na mblianta, cosúil le The Dubliners agus Sinéad O’Connor. Téann téamaí an ghrá agus an dúshláin i bhfeidhm ar lucht éisteachta go fóill sa lá atá inniu ann.
‘The Fields of Athenry’ – Pete St. John
Is aintiún spóirt agus amhrán lárnach de chuid cheol tíre na hÉireann é an bailéad seo, atá suite sa Ghorta Mhór agus a insíonn scéal faoi fhear ó Bhaile Átha an Rí, atá le bheith curtha an loch amach go Botany Bay, an Astráil as bia a ghoid ar son a theaghlach a bhí ag fáil bháis leis an ocras.
‘Orphan Girl’ – Brendan Graham
I measc roinnt amhrán a scríobh Brendan Graham faoin Ghorta, cosúil le ‘Ochón an Gorta Mór’, ‘Crucán na bPáiste’, agus ‘The Whitest Flower’, cuireann ‘Orphan Girl’ béim ar an scéim Earl Grey. Idir 1848 agus 1850, rinneadh níos mó ná 4,000 bean óga Éireannacha a athlonnú sna cóilíneachtaí san Astráil trí Scéim Dhílleachtaí an Ghorta. Rinneadh dilleachtaí de na mná, agus iad idir 14 agus 20 bliain d’aois, i rith an ghorta agus tógadh ó thithe na mbocht ar fud na hÉireann iad.
Tháinig na chéad dílleachtaí Éireannacha go Sydney i nDeireadh Fómhair 1848. Tháinig i bhfad níos mó ina ndiaidh, agus chuaigh siad ar aimsir agus ar deireadh pósadh iad, thóg siad teaghlaigh agus shocraigh siad isteach sa tsochaí choilíneach. Insíonn ‘Orphan Girl’ an scéal seo ó dhearcadh duine de na cailíní seo.
Canadh ‘Orphan Girl’ ag roinnt Cuimhneacháin Ghorta, den uair is déanaí i gComóradh Idirnáisiúnta an Ghorta Mhóir in Sydney, ag Leacht Cuimhneacháin an Ghorta Mhóir, Hyde Park Barracks.
Chronicles of the Great Irish Famine – Declan O’Rourke
Sa bhailiúchán amhrán seo leis an amhránaí is scríbhneoir Declan O’Rourke, a seoladh in 2017, cuirtear ceol traidisiúnta na hÉireann le chéile le hamhránaíocht nua-aimseartha chun plé a dhéanamh ar scéalta ó thréimhse an Ghorta Mhóir. Trí béim a leagan ar scéalta pearsanta, léiríonn O’Rourke daonnacht agus comhbhá le linn an uafáis agus an mhídhaonnacht.
The Hungry Voice – Frank Harte & Donal Lunny
Bhailigh an bailitheoir agus amhránaí clúiteach amhrán agus bailéad traidisiúnta Éireannacha, Frank Harte, an rogha amhrán seo ar théama an Ghorta Mhóir, go háirithe an eisimirce a tháinig ina dhiaidh. Tríd an bhailiúchán seo, mar shampla ‘Erin’s Lovely Home’ agus ‘Poor Pat Must Emigrate’, léiríonn Harte eispéireas an eisimircigh trí scéalaíocht agus cuntais phearsanta in áit staitisticí, ag teacht lena mhaíomh “go labhraíonn [filí agus scéalaithe] ar son iad siúd nár chualathas a nguthanna ocracha riamh lena linn féin”.
‘The City of Chicago’ – Christy Moore
Insíonn an bailéad seo, a scríobhadh ag Luka Bloom agus a bhain cáil amach le Christy Moore, faoi eisimircigh Éireannacha a chuir fúthu in Chicago i ndiaidh “aistear marthanais / Thar an mhuir stoirmiúil” in 1847, ach a mbíonn brionglóidí acu fós faoina n-áiteanna cónaithe i nDún na nGall.
‘Kilkelly, Ireland’ – Peter Jones
Bunaithe ar shraith litreacha a scríobhadh go sin-sin-seanathair an amhránaí óna chlann i gCill Cheallaigh, Co. Mhaigh Eo, tugann an t-amhrán seo tuiscint ar an bhealach ar thit teaghlaigh Éireannacha leis an eisimirce agus ceangal agus líonra dlúth á gcoinneáil acu lena dteaghlaigh agus a gcomharsana. Tríd an líonra seo, cuireadh airgead ar ais chun na hÉireann agus chuaigh glúnta níos óige isteach i bpobail eisimirceach a raibh curtha fúthu go daingean thar lear cheana féin.
‘Thousands are Sailing’ – The Pogues
Scríobhadh an t-amhrán seo sna 1980dí agus an eisimirce mar ghné shuntasach de shaol na hÉireann arís, agus is sampla maith é d’oidhreacht chultúrtha mharthanach an ghorta. Trí réanna difriúla eisimirce a thabhairt le chéile, taispeánann an t-amhrán conas a dhéanann an gorta eolas dár n-eispéireas sa lá atá inniu ann, agus an bealach a bhfuil athléamh agus athshamhlú á dhéanamh air tríd an ealaín i gcónaí.