Comóradh Náisiúnta an Ghorta Mhóir reáchtáilte i Meathas Troim, Co. an Longfoirt

2024 National Famine Commemoration at Edgeworthstown

Bhí an Taoiseach, Simon Harris TD, i bhfeighil ag Comóradh Náisiúnta an Ghorta Mhóir i Meathas Troim, Co. an Longfoirt ar Dé Domhnaigh 19 Bealtaine in éineacht leis an Aire Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán, Catherine Martin TD.

Sa tsearmanas oifigiúil Stáit bhí eochairaitheasc ón Taoiseach, chomh maith le honóracha míleata agus searmanas leagan bláthfhléisce i gcuimhne orthu siúd go léir a fuair bás i rith an Ghorta. Thug an tAire Martin aitheasc ag an imeacht freisin.

Chomh maith leis an Taoiseach rinne a Shoilse, an Sár-Oirmhinneach Luis Mariano Montemayor, Nuinteas Aspalda, Déan an Chóir Taidhleoireachta; agus an Comhairleoir Colm Murray, Cathaoirleach Chomhairle Contae an Longfoirt, bláthfhléasca a leagan freisin.

Bhí ceol ag an imeacht leis an bhanna áitiúil Streancán agus ceoltóirí áitiúla, an Dr Conor Ward, Noel Carberry agus Meadhbh Carberry, agus rinne Amy Rooney Maguire, Emma Mihai agus Aaron Ó Míacháin ó Scoil Náisiúnta Naomh Muire, Meathas Troim, aithriseoireacht ar an dán An Píobaire Uillinn. Craoladh an searmanas poiblí ar chainéal Nuacht RTÉ.

 

Dúirt an Taoiseach, Simon Harris:

Scriosadh saolta, teaghlaigh, agus misneach agus aislingí an iliomad duine mar gheall ar an nGorta Mór.  Ba í ár dtragóid náisiúnta í, a d’fhág rian orainn nach n-imeoidh choíche.  Ár dtráma náisiúnta, nach féidir linn dearmad a dhéanamh air choíche.  Ba thragóid náisiúnta í, ach tá ceachtanna domhanda le foghlam uaithi, agus spreagann siad muid chun ómós a thabhairt do chuimhne na marbh, trí gach rud ar féidir linn a dhéanamh chun stop a chur le tragóidí den chineál céanna in áiteanna eile.

Geallaimis arís, agus machnamh á dhéanamh againn ar fhulaingt agus mianach ollmhór iad siúd a mhair agus a fuair bás le linn an Ghorta, chun ómós a thabhairt dá n-oidhreacht, ní amháin trí chuimhneachán ach trí ghníomh. Caithfidh muid ceachtanna an Ghorta Mhóir a chur i bhfeidhm inár ndomhan féin inniu, agus obair a dhéanamh chun ocras agus fulaingt a mhaolú áit ar bith ina bhfuil siad. Is tragóid í an Gorta Mór nach féidir dearmad a dhéanamh air choíche.  Éilíonn an stair orainn go ndéanann muid gach rud chun cinntiú nach féidir leis tarlú arís.

 

Dúirt Catherine Martin, an tAire Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán agus Cathaoirleach Choiste Chomóradh Náisiúnta an Ghorta Mhóir:

Rinne an Gorta Mór scrios ar ár gcreatlach shóisialta trí phobail a bhí an-dlúth roimhe sin a mhilleadh. Inniu, agus cuimhne á déanamh againn ar íospartaigh na holltubaiste seo, is í an teachtaireacht ríthábhachtach a chuireann an comóradh seo amach go dtí an domhan ná teachtaireacht an dóchais agus na hathnuachana. Lean muintir na tíre seo orthu tríd an bhfulaingt uafásach. Mhair a gceol, a n-amhrán agus a dteanga. Agus táimid fós inár seasamh anseo, chun ómós a thabhairt do na mairbh, na deoraithe, agus iad siúd a fágadh ar leataobh.

D’fhág an Gorta Mór bailte agus pobail fud fad na tíre gan beocht gan gáire. Léirítear le searmanas an lae inniu láidreacht an anama sna pobail sin, trí cheol, ealaín agus amhránaíocht.