Páirc Bhéal na mBuillí, Contae Ros Comáin 2022

Bhí an Taoiseach Micheál Martin i bhfeighil ag Comóradh Náisiúnta an Ghorta Mhóir i bPáirc Bhéal na mBuillí, Co. Ros Comáin ar Dé Domhnaigh, an 15 Bealtaine. Bhí Jack Chambers, an tAire Stáit don Spórt agus don Ghaeltacht agus Príomh-Aoire an Rialtais, in éineacht leis.

Bhí Jack Chambers, an tAire Stáit don Spórt agus don Ghaeltacht agus Príomh-Aoire an Rialtais, in éineacht leis.

Rinne an Taoiseach Micheál Martin T.D. ionadaíocht ar an Rialtas agus bhí onóracha míleata agus leagan bláthfhleasc sa tsearmanas fhoirmiúil Stáit i ndilchuimhne orthu siúd a d’fhulaing nó a fuair bás le linn an Ghorta.

Leag a Shoilse, an tArdeaspag Jude Thaddeus Okolo, Déan an Chóir Taidhleoireachta; an Comhairleoir Joe Murphy, Cathaoirleach Chomhairle Chontae Ros Comáin, agus Jim Callery, bunaitheoir Mhúsaem Náisiúnta an Ghorta Mhóir agus Clare McGrath, Cathaoirleach Iontaobhas Oidhreachta na hÉireann bláthfhleasca chomh maith.

Chas an t-amhránaí is scríbhneoir Declan O’Rourke amhráin óna albam, Chronicles of The Great Irish Famine. Craoladh an searmanas ar chainéal Nuachta RTÉ, mar nach raibh sé oscailte don phobal an bhliain sin.

Ag labhairt ag an imeacht, dúirt an Taoiseach Micheál Martin:

“Ní féidir linn an t-easpa dóchais, an fearg agus an caillteanas a mhothaigh na daoine a d’fhulaing le linn an Ghorta Mhóir a shamhlú. “Ní féidir linn an t-easpa dóchais, an fearg agus an caillteanas a mhothaigh na daoine a d’fhulaing le linn an Ghorta Mhóir a shamhlú.

Le linn ár staire, d’iarrtaí orainn cabhrú le daoine ag fulaingt in am an ghátair, cosúil le híospartaigh an Ghorta Mhóir agus tá muintir na hÉireann ag freagairt an ghlao sin leis na glúnta.

Agus muid ag teacht le chéile chun ómós a thabhairt d’íospartaigh an Ghorta Mhóir – na daoine a fuair bás, na daoine ar cuireadh iachall orthu dul ar imirce agus na daoine a d’fhulaing agus a tháinig slán, smaoinímid faoi mhuintir na hÚcráine, chomh maith, a raibh gorta stairiúil acu freisin.

Cuireann Éire fáilte roimh mhuintir na hÚcráine in am an ghátair agus cuireann an ghéarchéim sin in iúl dúinn an tábhacht a bhaineann le daoine a dhéanann rud ar bith is féidir leo a dhéanamh chun cuidiú leo siúd atá i gcruachás. Is léiriú é seo freisin ar an méid atá ar eolas againn faoi na daoine comhbhácha agus flaithiúla sin a chabhraigh le muintir na hÉireann le linn an Ghorta Mhóir. Níor chóir dearmad a dhéanamh choíche ar na gníomhartha cineálta sin.”

Ag labhairt an lá sin, dúirt an tAire Chambers:

“Ba é an Gorta Mór an tréimhse is dorcha inár gcuid staire. Tugann searmanas an lae inniu deis dúinn comóradh a dhéanamh ar fhulaingt agus teacht aniar íospartaigh an Ghorta Mhóir. Is cuí go reáchtáltar an searmanas comórtha ar an suíomh stairiúil seo in 2022 agus na hullmhúcháin deiridh le haghaidh athoscailt Mhúsaem Náisiúnta an Ghorta Mhóir á gcur i gcrích tar éis athchóiriú mór a dhéanamh.”