Faoi Chuimhneachán an Ghorta Mhóir

Bunaíodh Coiste Cuimhneacháin Náisiúnta an Ghorta Mhóir sa bhliain 2008 tráth ar chinn an Rialtas lá cuimhneacháin náisiúnta an Ghorta Mhóir a reáchtáil gach bliain. Is é an tAire Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta Heather Humphreys T.D., cathaoirleach an choiste. Ar an gcoiste freisin tá ionadaithe ón Roinn Oideachais agus Scileanna, ón Roinn Gnóthaí Eachtracha agus Trádála, ón Roinn Cosanta, ó na Fórsaí Cosanta, ó Roinn an Taoisigh agus ó Chúnamh Éireann. Chomh maith leis sin, tá staraithe ar an gcoiste, ionadaithe ó Trócaire, Gorta agus ó Ard-Mhúsaem na hÉireann agus páirtithe leasmhara eile.

Tarlaíonn an cuimhneachán bliantúil náisiúnta i gceann de na ceithre chúige in Éirinn ar a seal.

Féadtar teacht ar eolas faoi obair Choistí Cuimhneacháin Náisiúnta an Ghorta Mhóir ó 2008 i leith ar an suíomh gréasáin seo. Baineann an obair sin le clár éagsúil, ilchineálach imeachtaí a chur i bhfeidhm i gcomhthráth le Cuimhneachán Náisiúnta an Ghorta Mhóir.


Príomh-Roghchlár