Cuimhneachán Náisiúnta 2011

2011famine07

10 Meán Fómhair 2011

D'oscail an tUachtarán, Máire Mhic Giolla Íosa agus a fear céile, Seanadóir Martin Mac Giolla Íosa agus Jimmy Deenihan T.D., An tAire Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta agus Cathaoirleach Coiste Cuimhneacháin Náisiúnta an Ghorta Mhóir imeacht Lá Cuimhneacháin Náisiúnta an Ghorta Mhóir i gCluain Eois, Contae Mhuineacháin.

Sa chuimhneachán seo bhí clár ina raibh pobail i gContae Mhuineacháin páirteach agus ina dhiaidh sin reáchtáladh an t-imeacht foirmiúil Stáit, mar a raibh gradaim mhíleata agus searmanais fleascleagain.

Thacaigh pobail áitiúla Chluain Eois agus Mhuineacháin go mór leis an gcuimhneachán, agus is léiriú seo ar an mórmheas atá ag daoine orthusan a fuair bás, a d'fhulaing nó a d'imigh ar eisimirce le linn na tréimhse tragóidí seo dár stair. Bunaíodh coiste áitiúil eagrúcháin agus d'ullmhaigh siad clár imeachtaí, a reáchtáladh sa tréimhse díreach roimh Chuimhneachán Náisiúnta an Ghorta Mhóir ar an 10 Meán Fómhair 2011.

13 Deireadh Fómhair 2011

Reáchtáladh comhdháil phoiblí dar teideal "From the Famine to Post Modern Hunger in the 21st Century", i Leabharlann Náisiúnta na hÉireann.

Leanann an chomhdháil seo ó Chuimhneachán Náisiúnta 2011 an Ghorta Mhóir a reáchtáladh i gCluain Eois, chun a chinntiú nach ndéanfaí dearmad orthusan a raibh mórthionchar ag an nGorta Mór orthu. D'oscail an tUachtarán Máire Mhic Giolla Íosa an ócáid go hoifigiúil. Tharla an chomhdháil chun ceiliúradh a dhéanamh freisin ar Lá Domhanda an Bhia ar an Domhnach 16 Deireadh Fómhair 2011, agus mar fhóram chun plé oscailte, cuspóireach a spreagadh i measc lucht acadúil, cleachtóirí forbraíochta agus Eagraíochtaí Neamhrialtais maidir le cén chaoi is fearr comhrac i gcoinne an ocrais sa 21ú haois i dtíortha ina bhfuil ioncam íseal agus easnamh bia.

Chun amharc ar an gCuireadh chuig Seimineár sa Leabharlann Náisiúnta, cliceáil anseo

Óráidí:

Cuimhneachán Idirnáisiúnta 2011

2011inter04

16 Deireadh Fómhair 2011

Labhair Jimmy Deenihan T.D., An tAire Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta agus Cathaoirleach Coiste Cuimhneacháin Náisiúnta an Ghorta Mhóir, i ndil cuimhne mhuintir na tíre a raibh mórthionchar ag an nGorta Mór orthu agus a thaistil chuig Learpholl sna 1800í chun iarracht éalú ón ngorta in Éirinn.

D'fhreastail an tAire ar shearmanas chun comóradh a dhéanamh ar íospartaigh an ghorta ag Leac Chuimhneacháin an Ghorta Mhóir i dtailte St. Luke's Church, Leece Street, Learpholl a chuir an tUachtarán Máire Mhic Giolla Íosa i láthair go poiblí sa bhliain 1998. D'fhreastail a lán de Dhiaspóra na hÉireann atá ina gcónaí i Learpholl ar an searmanas.

Chun amharc ar ord na n-imeachtaí don lá, cliceáil anseo

Óráidí:

Preaseisiúintí:


Príomh-Roghchlár