Cuimhneachán Náisiúnta 2012

2012famine01

Domhnach 13 Bealtaine, 2012

D'oscail An Taoiseach Enda Kenny TD agus Jimmy Deenihan T.D., an tAire Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta agus Cathaoirleach Choiste Cuimhneacháin Náisiúnta an Ghorta Mhóir, an ócáid i nDroichead Átha ar Lá Cuimhneacháin Náisiúnta an Ghorta Mhóir.

Agus é ag trácht ar an tionchar buan a bhí ag an ngorta mór ar shochaí na hÉireann, dúirt An Taoiseach Enda Kenny T.D.: "An chuimhne sin a tháinig chugainn ó ghlúin go glúin, spreagann sin gach gníomhaireacht a chuireann cúnamh ar fáil, ní hé amháin bia a thabhairt chuig an gcuid sin den domhan atá i mbéal forbartha ach dóchas, féin-tuilleamaíocht, comhbhá agus dínit freisin. Ar na mórthosaíochtaí atá ag Cúnamh Éireann tá tacú leis na hiarrachtaí ar fud an domhain chun ocras a laghdú. Chomh maith le dul i ngleic le riachtanais láithreacha na ndaoine a mbíonn tionchar ag tubaistí nádúrtha nó tubaistí cúisithe ag daoine orthu, tá Éire ag dul i ngleic freisin le bunchúiseanna an ocrais agus tá an tír ag tús cadhnaíochta ina stocaire domhanda sa chomhrac i gcoinne an ocrais. Is gné thábhachtach í seo de Chuimhneachán Náisiúnta an Ghorta Mhóir."

Ní féidir aon imeacht eile inár stair a chur i gcomparáid leis an nGorta Mór, dá thionchar láithreach, tragóideach agus dá leagáid d'eisimirce, de chaillteanas cultúrtha agus de mheath na Gaeilge. Thit daonra na hÉireann, a bhí cóngarach do 8.5 milliún sa bhliain 1845, go dtí 6.6 milliún faoin mbliain 1851.

Le linn bhlianta an Ghorta Mhóir bhí Droichead Átha ar an dara calafort is mó as ar imigh breis is milliún duine a raibh iallach orthu dul ar eisimirce. Thaistil roinnt go dtí an Bhreatain agus daoine eile ar aghaidh - 'lucht an dá bhád' - ón mBreatain chuig Meiriceá Thuaidh.

Ghabh an tAire Deenihan buíochas le muintir Dhroichead Átha as an bpáirt a bhí acu cuimhneachán a bheith ann dóibhsean ar imigh an gorta i bhfeidhm go mór ar a saol: "Bliain ar leith í 2012 do mhuintir Dhroichead Átha sa mhéid go bhfuil Droichead Átha ag comóradh 600 bliain ó aontaíodh na bailte cúplacha ó thuaidh agus ó dheas ón mBóinn. Cúis mhór áthais dom é mar sin go bhfuil Cuimhneachán Náisiúnta an Ghorta Mhóir ag tarlú anseo sa mhéid gur léir go bhfuil meas mór ag muintir Dhroichead Átha ar a stair. Ar cheann de na príomhchúiseanna ar beartaíodh Cuimhneachán Náisiúnta an Ghorta Mhóir a reáchtáil anseo i mbliana tá ról Dhroichead Átha mar chalafort tábhachtach i rith an Ghorta "..

Roimhe seo reáchtáladh Cuimhneachán Náisiúnta an Ghorta Mhóir i mBaile Átha Cliath, sa Sciobairín Co. Chorcaí, i Muraisc, Co. Mhaigh Eo agus i gCluain Eoias, Co. Mhuineacháin.

Chun amharc ar chlár imeachtaí, cliceáil anseo e: Leathanach 1 / Leathanach 2

Óráidí:

Preaseisiúintí:

 


Cuimhneachán Idirnáisiúnta 2012

2012inter09

 

Dé Domhnaigh 13 Bealtaine, 2012

D'oscail an tUachtarán, Mícheál D. Ó hUigín agus Jimmy Deenihan T.D., An tAire Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta agus Cathaoirleach Coiste Cuimhneacháin Náisiúnta an Ghorta Mhóir imeacht Chuimhneachán Idirnáisiúnta an Ghorta Mhóir ag Fanueil Hall, Bostún.

Óráidí:

Preaseisiúintí:


Príomh-Roghchlár