Cuimhneachán Idirnáisiúnta 2018

 

Aire Stáit, Patrick O'Donovan T.D.
Councillor Angela Altair, Lord Mayor of Hobson's Bay Frank McGuire, Member of the Victorian Parliament.
Ambasadóir Breandán Ó Caollaí

Déanann an tAire Stáit O’Donovan ionadaíocht don Rialtas ag Cuimhneachán Idirnáisiúnta an Ghorta Mhóir 2018, Williamstown, Melbourne

Beidh Cuimhneachán Idirnáisiúnta an Ghorta 2018 ar siúl ag Carraig an Ghorta Mhóir in Williamstown, Melbourne Dé Domhnaigh, an 28 October.  Thaistil breis agus 4,000 bean agus cailín óg Éireannach ó thithe na mbocht in Éirinn idir 1848 agus 1850 faoi Scéim Earl Grey, agus dóchas agus tús nua á lorg acu. Déanann Carraig an Ghorta cuimhneachán ar a dteacht.

Dúirt an tAire Stáit Patrick O’Donovan, T.D. – a dhéanfaidh ionadaíocht don Rialtas thar ceann Chathaoirleach Choiste Cuimhneacháin Náisiúnta an Ghorta Mhóir, an tAire Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta, Josepha Madigan, T.D.: “Ag imeacht na bliana seo, dírímid ar chruachás na mban agus na gcailíní óga seo a tháinig go Melbourne chun teitheadh ón slad a bhí á dhéanamh ag an nGorta Mór. Caithfear meas a bheith agat ar mhisneach agus neart na mban óg seo. Bhí todhchaí éiginnte i ndán dóibh i dtír aisteach agus i bhfad i gcéin. Léirítear ar an séadchomhartha simplí ach daingean – Carraig an Ghorta – teachtaireacht shimplí ach dhaingean. Ní dhearnamar agus ní dhéanfaimid dearmad orthu siúd a d’fhulaing agus a d’imigh ar shlí na fírinne, agus iad siúd a bhí ag streachailt agus a tháinig slán ón nGorta Mór."

Ba mhaith liom mo bhuíochas ó chroí a chur in iúl, thar ceann Choiste Cuimhneacháin Náisiúnta an Ghorta Mhóir, d’eagraithe an Chuimhneacháin oifigiúil in Williamstown agus do na daoine eile go léir a chuir le gach imeacht ar fhreastail mé orthu an tseachtain seo. Chinntigh do thiomantas go bhfuil imeachtaí tubaisteacha an Ghorta Mhóir á dtabhairt chun cuimhne go cuí.

Fad a bheidh sé san Astráil, casfaidh an tAire O’Donovan le grúpaí pobail Éireannacha agus ionadaithe de Rialtas na hAstráile, chomh maith.

IDIRNÁISIÚNTA AR AN NGORTA MÓR 2018

Commemoration of the Great Irish Famine and the arrival of Irish Orphan Girls - Sunday 28th October

 Roundtable: The Famine and Irish Australia - Sunday 28th October 2018


Príomh-Roghchlár