Cuimhneachán Náisiúnta 2015

nmdfaminecrowdstage

Cuimhneachán Bliantúil an Ghorta Mhóir ar an Iúr, Co. an Dúin

Bhí Cuimhneachán Bliantúil an Ghorta Mhóir 2015 faoi stiúir an Aire Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta, Heather Humphreys T.D., ar an Iúr.

Tharla an príomhshearmanas cuimhneacháin ag Duga Albert ar an Iúr ar an Satharn, 26ú Meán Fómhair. I láthair freisin bhí an Leas-Chéad-Aire Martin McGuinness MLA, an tAire Cultúir, Ealaíon agus Fóillíochta, Carál Ní Chuilín MLA, Cathaoirleach Chomhairle Ceantair an Iúir, Mhúrn agus an Dúin, uasail ón gcoigríoch agus Consail Oinigh Thuaisceart Éireann. Nocht an tAire Humphreys séadchomhartha cuimhneacháin freisin ar an Domhnach, an 27ú lá, ag an bPointe, Co. an Dúin.

Clár Comórtha Bliantúil an Ghorta Mhóir


Príomh-Roghchlár