Cuimhneachán Idirnáisiúnta 2017

An tAire Stáit O'Donovan ag déanamh ionadaíocht don Rialtas ag Cuimhneachán Idirnáisiúnta an Ghorta Mhóir 2017, Ireland Park, Toronto

Ambassador Jim Kelly, Minister Patrick O’Donovan T.D., Robert Kearns Chairman Ireland Park Foundation, Councillor Joe Cressy

Bhí Cuimhneachán Idirnáisiúnta an Ghorta Mhóir do 2017 ar siúl in Ireland Park Toronto Dé Máirt, an 24 Deireadh Fómhair. Ba é an imeacht in Ireland Park, áit a ndearnadh deich mbliana ar oscailt a cheiliúradh níos luaithe i mbliana, an chéad imeacht comórtha thar lear eagraithe ag Coiste Cuimhneacháin Náisiúnta an Ghorta Mhóir in onóir agus i gcuimhne orthu siúd a chuaigh ar imirce agus a thug faoin bhfarraige le linn an Ghorta Mhóir.

Dúirt an tAire Stáit Patrick O’Donovan T.D., a rinne ionadaíocht don Rialtas thar ceann Chathaoirleach Choiste Cuimhneacháin Náisiúnta an Ghorta Mhóir, an tAire Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta, Heather Humphreys T.D.:

“Tá sé thar a bheith cuí go bhfuil muid ag filleadh ar Ireland Park in Toronto 170 bliain i ndiaidh na bliana is measa den Ghorta, 47 an Bhróin, leis na daoine go léir a d’fhulaing agus a d’éag le linn na tréimhse uafasaí sin a thabhairt chun cuimhne, go háirithe iad siúd go léir, os cionn 110,000 duine, a thug faoin turas contúirteach go Ceanada as Éirinn an bhliain sin.”

“Ní ligfidh muintir na hÉireann an tráth millteanach sin dár stair i ndearmad go deo, agus ní dhéanfaidh muid dearmad ach oiread den fháilte fhlaithiúil a chuir muintir na cathrach agus na tíre seo romhainn, go háirithe an cairdeas agus an cúnamh a thug muintir Toronto do na sluaite dobrónacha dubhacha a tháinig chun na tíre.”

Is é seo an tríú Comóradh Idirnáisiúnta ar an nGorta Mór i gCeanada. Rinne Cathair Toronto an chéad chuimhneachán a óstáil in 2009 agus rinne St, John New Brunswick an cuimhneachán i 2015.. Ó


Príomh-Roghchlár