Cuimhneachán Náisiúnta an Ghorta Mhóir 2017


Cuimhneachán Náisiúnta an Ghorta Mhóir 2017

Rinne an Taoiseach Leo Varadkar T.D. cúram ag Cuimhneachán Náisiúnta an Ghorta Mhóir ag Teach Cogaidh an Ghorta Mhóir 1848 i mBaile an Gharraí, Co. Thiobraid Árann. Ina chuideachta bhí an tAire Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta, Heather Humphreys T.D.

Mar chuid den searmanas foirmiúil Stáit bhí onóracha míleata agus searmanas fleascleagain le hAmbasadóirí na hÉireann i gcuimhne ar na daoine go leir a d’fhulaing nó a d’éag le linn an Ghorta Mhóir.   Ar an gclár pobail d’imeacht na bliana seo bhí taibhithe ó Mhícheál Ó Súilleabháin, an Cecilian Choir ó Chlochar na nUrsalach, Durlas agus Banna Chluain Meala chomh maith le léamha leis an bhfile Michael Coady, Carmel O'Brien agus daltaí ó Scoil Mhuire, Baile an Gharraí.  Bhí saothair nua cruthaithe ag ealaíontóirí áitiúla lenar áiríodh Katy Goodhue agus David Quin mar chuid den chlár imeachtaí taca agus bhí na saothair sin, chomh maith le níos mó ná 200 saothar ealaíne cruthaithe ag páistí as bunscoileanna áitiúla, ar taispeáint ag an gCuimhneachán.

Ina óráid, rinne an Taoiseach machnamh ar thionchar an Ghorta Mhóir ar shochaí na hÉireann chomh maith leis an dianfheasacht ar agus teagmháil le forbairtí i gcomhthéacs na hEorpa i gcoitinne, a spreag forbairt na fealsúnachta polaitiúla i measc ghluaiseacht Éire Óg in Éirinn i lár na 19ú haoise;-

"Táimid cruinnithe anseo inniu leis na daoine go léir a fuair bás le linn an Ghorta Mhóir a thabhairt chun cuimhne, chomh maith leo siúd a d’fhéach le freagairt don tubáiste sin trí thodhchaí nua a chruthú le hÉirí Amach 1848.   Ba thubaiste nádúrtha ceann amháin acu, tubaiste mílteata an ceann eile - ach mhúnlaigh an dá cheann acu muintir na tíre seo - agus is áit chuí é Baile an Gharraí le haitheantas a thabhairt dóibh siúd a d’fhulaing agus a fuair bás agus onóir a thabhairt dá n-oidhreacht. Ba oidhreacht dhearfach ar éifeachtaí an Ghorta Mhóir an trua atá léirithe againn mar thír do chiníocha agus náisiúin eile atá ag fulaingt géarchéimeanna daonnúla cibé acu mar gheall ar ghorta, tubaistí nádúrtha nó cogadh.  Díreach mar a tugadh cúnamh agus deiseanna do mhuintir na hÉireann nuair a bhí siad de dhíth orthu, saothraíonn muid anois le tacú leo siúd a bhfuil ár gcabhair de dhíth orthusan chun éalú ón ocras."

Agus í ag labhairt ag an ócáid, dúirt an tAire Humphreys:

“Is ionad cuí é baile Margaret McCormack agus a teaghlach do chomóradh na bliana seo. Cé go raibh a scéal uathúil féin ag gach pobal i dtaca leis an nGorta Mór, fite fuaite i scéalta na pobail go léir a rinne óstáil ar an gcuimhneachán tá an chuimhne ar an slad daonna agus sochaíoch a rinne an Gorta.  Ní hamháin gur cailleadh daoine aonair ach scriosadh teaghlaigh, agus go deimhin, bailte iomlána mar gheall ar an mbás, ar an ngalar agus ar an imirce.”

Chuir an tAire fáilte freisin roimh Coming Home: Art and the Great Hunger, a bheidh ag teacht go hÉirinn ar cuairt ar an bliain seo chugainn, agus dúirt sí

“Tá áthas orm a fhógairt go mbeidh an Great Hunger Museum as Ollscoil Quinnipiac ag tabhairt taispeántas go Baile Átha Cliath agus an Sciobairín ar an bhliain seo chugainn dar teideal Coming Home: Art and the Great Hunger.  Tabharfaidh sé sin deis dúinne in Éirinn blaiseadh a fháil go pearsanta den bhailiúchán is fearr ar domhan d’ealaín a bhaineann leis an nGorta Mór.”

Óráid an Taoisigh


Príomh-Roghchlár