Cuimhneachán Náisiúnta an Ghorta Mhóir 2016

Glasnevin National Famine Commemoration 2016

Glasnevin National Famine Commemoration 2016

Tharla Cuimhneachán Náisiúnta an Ghorta Mhóir 2016 ar an Domhnach, 11 Meán Fómhair, i Reilig Ghlas Naíon i mBaile Átha Cliath. Bhí an ócáid faoi stiúir an Uachtaráin, Micheál D. Ó hUiginn, a nocht Cros Cheilteach a bhronn Iontaobhas Ghlas Naíon mar chuimhneachán buan ar íospartaigh an Ghorta Mhóir. Tá téacs óráid an Uachtaráin ar fáil anseo.

Ghabh an tAire Heather Humphreys T.D., Cathaoirleach ar Choiste Cuimhneacháin Náisiúnta an Ghorta Mhóir, buíochas le baill an choiste as a gcuid oibre ar an bhforbairt leanúnach ar Chuimhneachán Bliantúil an Ghorta Mhóir agus ghabh sí buíochas freisin le gach duine a chuidigh leis an ócáid. Ghabh an tAire buíochas faoi leith le John Green, Cathaoirleach Iontaobhas Ghlas Naíon, as an searmanas a óstáil agus as cros chuimhneacháin buan, a nocht an tUachtarán Ó hUiginn, a chur ar fáil d'íospartaigh an Ghorta Mhóir.

Tar éis an tsearmanais, thug an tUachtarán Ó hUiginn agus an tAire Humphreys cuairt ar thaispeántas d’obair fóirithinte Mhná Rialta Liath Montréal, a bhí curtha i dtoll a chéile ag Christine Kinealy, stiúrthóir bunaidh Institiúid Ghorta Mór na hÉireann in Ollscoil Quinnipiac, agus Dr Jason King. 'Saving the Famine Irish: The Grey Nuns and the Great Hunger' atá á óstáil ag Iontaobhas Ghlas Naíon an mhí seo.

National Famine Commemoration 2016 National Famine Commemoration 2016 National Famine Commemoration 2016

 

National Famine Commemoration 2016 National Famine Commemoration 2016 National Famine Commemoration 2016


Príomh-Roghchlár