Cuimhneachán Náisiúnta an Ghorta Mhóir 2019

An Taoiseach, Leo Varadkar, speaking at the National Famine Commemoration, Stephen St Car Park, Sligo Photo: James Connolly

An Taoiseach agus an tAire Madigan i mbun Shearmanas Cuimhneacháin Náisiúnta an Ghorta Mhóir i Sligeach

An Taoiseach Leo Varadkar T.D. a bheidh i mbun Chuimhneachán Náisiúnta an Ghorta Mhóir inniu, Dé Domhnaigh 19ú Bealtaine, i Sligeach. Beidh an tAire Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta, Josepha Madigan T.D. Ina theannta.

Mar chuid de shearmanas Stáit an lae inniu beidh onóracha míleata agus searmanas leagtha bláthfhleasca ag Ambasadóirí chun na hÉireann i gcuimhne orthusan go léir a d'fhulaing agus a bhásaigh le linn an Ghorta Mhóir.  Mar chuid den chlár pobail ag an imeacht i mbliana, beidh ceol ó cheoltóirí as an áit ó Chomhaltas Ceoltóirí Éireann Shligigh agus Cóir an Ghorta Mhóir, Sligeach ina bhfuil 60 duine ann, a cuireadh ar bun go speisialta do Chuimhneachán an lae inniu.  Léifidh Cathaoirleach Chomhairle Chontae Shligigh, Martin Baker agus Méara Shligigh, an Comhairleoir Rosaleen O’Grady, léachtaí agus déarfaidh lucht eaglaise áitiúil paidreacha.

Mar chuid den chuimhneachán freisin, seolfaidh Cathaoirleach Chuimhneachán Náisiúnta na Ghorta Mhóir, Josepha Madigan T.D., an tAire Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta leabhrán a chuir an Coiste Náisiúnta Chuimhneachán an Ghorta Mhóir, Sligeach le chéile ar an nGorta Mór i 1997 chun 150 bliain ó tharla an Gorta Mór a chomóradh. Is in Ionad Ealaíon Model a bheidh an seoladh sin.

I ndiaidh an Chuimhneacháin, taispeánfar réamhbhlaiseadh de Lost Children of The Carricks, a scríobh agus a stiúr an tOllamh Gearóid Ó hAllmhuráinin in Ionad Ealaíon Model.

Ag an imeacht dúirt an Taoiseach Leo Varadkar:

“Bhí an Gorta Mór ar an rud ba thubaistí a tharla riamh i stair na hÉireann.  Bhain an gorta le gach contae agus bhí méid a tharla i Sligeach uafásach agus tubaisteach. 162 uair a sheol an bád as Calafort Shligigh, idir 1847 agus 1851, go Ceanada agus go Stáit Aontaithe Mheiriceá a bhí a triail den chuid is mó.  D’imigh 13,000 duine i 1847 leis féin.  D’imigh 440 duine as seo ‘Bark Larch’ le dul go Quebec. Bhásaigh go leor díobh ar an mbealach.  Fuair an té a bhain ceann scríbe amach faoiseamh ón Athair Bernard McGauran, ar mba as Sligeach é féin.

“Sílim gurb é an bealach is fearr a bhféadfaimis ómós a léiriú dóibhsean a shaothraigh an Gorta Mór agus a bhásaigh lena linn ná dáimh a léiriú dóibhsean atá i lár gorta sa lá atá inniu ann, bíodh sin de bharr tubaistí nádúrtha nó cos ar bolg. D’fhéach Éire i gcónaí cuidiú le deireadh a chur le bochtaineacht agus ganntan ar fud an domhain.  Ba theifigh muide tráth agus is maith a thuigimid an cúnamh agus an chabhair a fuaireamar ó thíortha ar fud an domhain.  Tá sé sin fanta linn agus muid ag iarraidh cuidiú le teifigh sa lá atá inniu ann.

Inniu dúirt an tAire Madigan:

“Ba mhaith liom buíochas a ghlacadh leis na pobail agus na coistí áitiúla ar fud oileán na hÉireann a oibríonn go dúthrachtach chun cuimhneamh orthusan a shaothraigh an Gorta. Ba mhaith liom buíochas ar leith a ghlacadh le Comhairle Chontae Shligigh agus le Coiste Cuimhneacháin Náisiúnta an Ghorta Mhóir, Sligeach.

Tá ríméad orm go bhfuil an leabhrán seo i gcló arís, le cúnamh gnaíúil ó Chomhairle Chontae Shligigh, agus é a sheoladh an athuair inniu.   Táim sásta go ndéanfar cóipeanna den taifead tábhachtach áitiúil seo a dháileadh ar scoileanna na háite agus táim cinnte gur acmhainn ríluachmhar múinteoireachta a bheidh ann amach anseo.


Príomh-Roghchlár