Cuimhneachán Náisiúnta an Ghorta Mhóir 2016

Cuimhneachán Idirnáisiúnta an Ghorta Mhóir á stiúradh ag an Aire Humphreys in Philadelphia

Ar an 9 Deireadh Fómhair rinne an tAire Ealaíon, Oidhreachta, Gnóthaí Réigiúnacha, Tuaithe agus Gaeltachta, Heather Humphreys TD, Cuimhneachán Idirnáisiúnta an Ghorta Mhóir 2016 in Philadelphia a stiúradh. Leis an searmanas, a bhí á óstáil ag Leacht Cuimhneacháin na hÉireann sa chathair, tháinig deireadh le cuairt trí lá an Aire Humphreys ar Philadelphia, áit ar chas sí le mórphearsana polaitiúla, eagraíochtaí pobail Éireannacha agus grúpaí gnó Gael-Mheiriceánacha.

Ag labhairt di ag an gcuimhneachán dúirt an tAire Humphreys:

“Tagaimid le chéile inniu chun íospartaigh an Ghorta Mhóir a thabhairt i gcuimhne, beag beann ar a gcreideamh, a bpolaitíocht nó a náisiúntacht. Cuimhnímis ach go háirithe orthu siúd a rinne an turas trasna an Atlantaigh go Philadelphia, go minic i ndálaí uafásacha.

“Tá muidne in Éirinn an-bhródúil as ár ndiaspóra agus an méid atá bainte amach acu i ngach réimse den saol agus, le linn dúinn bheith ag cuimhneamh ar íospartaigh an Ghorta Mhóir inniu, molaimis freisin an méid atá curtha acu siúd a mhair leis an saol i gcathracha iontacha ar nós Philadelphia. Tá cion na nGaeil le feiceáil chuile áit anseo in Philadelphia. Ó James Smith, duine de shínitheoirí Fhorógra na Saoirse, go Ceannasóir John Barry, bunaitheoir Chabhlach na Stát Aontaithe, go na mílte naibhí a thóg na bóithre agus na hiarnróid anseo.

“Chuaigh sé i gcion orm ag gach imeacht ina raibh mé páirteach nó ar ar fhreastail mé le cúpla lá anuas, cé chomh daingnithe is atá oidhreacht agus cuimhne an Ghorta Mhóir anseo in Philadelphia. Léirítear le searmanas an lae inniu tuiscint na glúine reatha ar an fhulaingt a chúisigh imeachtaí tragóideacha an Ghorta Mhóir. Ba mhaith liom buíochas a ghabháil le gach duine a raibh baint acu le himeachtaí na seachtaine seo, lenar tugadh aitheantas go tochtmhar do na daoine cróga sin.”
Irish Famine Memorial

Minister Humphreys visits the Irish Memorial accompanied by Consul General Barbara JonesInscription plaque on Irish Memorial, including poem 'Remembrance' by Peter QuinnMinister Humphreys addresses assembled crowds at the Great Hunger Commemoration ceremony

Wreath laid by Minister Humphreys at Commemoration ceremonyAs part of wider programme, Minister Humphreys visits Philadelphia's famous Rosenbach Library and MuseumMinister Humphreys visits the Rosenbach collection including original James Joyce and Bram Stoker manuscripts

Minister Humphrey's meets with the Irish Immigration CentreMinister Humphreys presents Philadelphia's Mayor, James Kenny with the Atlas of the Great Irish Famine during meeting in City HallMinister Humphreys pictured with Mayor James Kenny and Lt. Governor Michael Stack


Príomh-Roghchlár