Cuimhneachán Náisiúnta an Ghorta Mhóir 2020

Searmanas Chuimhneachán Náisiúnta an Ghorta Mhóir 2020

17 Bealtaine 2020 

Faiche Stiabhna

Baile Átha Cliath

 

Bhí Comóradh Náisiúnta an Ghorta Mhóir ar siúl ag dealbh Edward Delaney i bhFaiche Stiabhna Dé Domhnaigh an 17 Bealtaine. An tAire Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta, Josepha Madigan T.D. a bhí i gceannas ar an searmanas a cuireadh ar bun de réir na dtreoirlínte sláinte agus sábháilteachta reatha agus dá bhrí sin, ní raibh an pobal ábalta a bheith i láthair. Bhí an searmanas in ainm is a bheith ar siúl i mBun Cranncha i gCo. Dhún na nGall ach cuireadh siar é go dtí 2021.

Mar b'amhlaidh sna blianta roimhe sin, bhí onóracha míleata agus leagan bláthfhleasca i gcuimhne an uile dhuine a d'fhulaing nó a shíothlaigh i rith an Ghorta Mhóir mar chuid den searmanas. Leag an tAire Madigan bláthfhleasc thar ceann mhuintir na hÉireann agus leag a Oiriceacht Jude Thaddeus Okolo, Déan an Chóir Taidhleoireachta bláthfhleasc thar ceann an Phobail Taidhleoireachta. Dúirt an tAthair Séamus Madigan, Príomhshéiplíneach Óglaigh na hÉireann paidreacha do na daoine a d'fhulaing le linn an Ghorta Mhóir.  Bhí Ard-Mhéara Bhaile Átha Cliath, an Comhairleoir Tom Brabazon, an Ceann Foirne, an Leas-Aimiréal Mark Mellet, chomh maith le daoine as Teaghlach Delaney i láthair freisin.

Nocht an tAire Madigan Plaic chun an chéad chomóradh bliantúil ar an nGorta Mór a cheiliúradh a bhí ar siúl i dTeach an Chustaim sa bhliain 2008, agus cuirfear an phlaic in airde i dtailte Theach an Chustaim níos déanaí i mbliana.  Chas Aimee Banks, soprán óg as Maigh Cuilinn, Gaillimh 'Crucán na bPáiste' Brendan Graham agus chas Píobaire de chuid an Airm an tAmhrán Náisiúnta.  Rinneadh an searmanas a shruthú beo ar fud na tíre agus go hidirnáisiúnta ar RTÉ News Now, ar www.rte.ie agus ar RTÉ Player.

 

Minister for Culture, Heritage and the Gaeltacht, Josepha Madigan T.D. officiates at the National Famine Commemoration Ceremony in St. Stephen’s Green, Dublin, 17 May 2020

Ag labhairt ar an lá, dúirt an tAire Madigan:

“Sa dán sin dar teideal Quarantine le Eavan Boland, dúisíonn an file dúthracht an fhir dá bhean agus iad i ndeireadh na feide:

“She was sick with famine fever and could not keep up.

He lifted her and put her on his back.”


Rinne laochra sin aimsir an Drochshaoil a bhfuil comóradh á dhéanamh againn orthu inniu gach dícheall freisin cuidiú leis an té a bhí ag titim ar gcúl.  Feictear an meon daonna sin aire a thabhairt do dhaoine eile agus an claonadh féiníobartha arís inniu le díograis laochra na linne seo i mbun aire a thabhairt do dhaoine atá buailte ag Covid-19.  Léirímid meas agus ómós do laochra seo an lae inniu agus is mór againn a gcuid crógachta.  B'fhéidir gurb é an bealach is fearr ina léireoimis an meas atá againn ar laochra aimsir an Ghorta Mhóir agus ar laochra an lae inniu cloí leis na bearta beaga laochais atá á n-éileamh orainn féin i ndáil le paindéim Covid-19 ionas go dtiocfaimid slán ón ngábh seo mar a rinne ár sinsir romhainn.”

 

 


Príomh-Roghchlár